Skip to main content

7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne

B’fhiú i gcónaí a bheith airdeallach faoi do chuid iompair ar líne. Seo thíos roinnt treoracha faoi conas a bheith níos sábháilte agus tú ag scimeáil ar an idirlíon.

1. Déan cinnte go bhfuil pasfhocail láidire agat

De ghnáth bíonn deacracht ag roinnt daoine pasfhocail láidire a chumadh, gan trácht ar chuimhne orthu. É sin ráite is fiú iarracht a dhéanamh pasfhocal casta nó uathúil a bheith in úsáid agat. Moltar pasfhocail fhada (15 carachtar ar a laghad) le meascán de shiombail agus d’uimhreacha a úsáid chun cosaint a chur ar bhur gcuid sonraí pearsanta.

Más maith leat, molann muid úsáid a bhaint as pasfhocal Gaeilge toisc go bhfuil formhór na bpasfhocal is coitianta i mBéarla.

2. Bí airdeallach ar chibearbhulaíocht nó drochiompar a fheiceann tú

Bí airdeallach ar céard í cibearbhulaíocht i dtús báire; is gnáthbhulaíocht í ach trí mheán na teicneolaíochta. Is féidir cibearbhulaíocht a bheith i bhfoirm téacs nó fuaime, trí íomhánna nó trí fhísean. Molann muid foghlaim faoi conas bac a chur ar dhaoine a dhéanann cibearbhulaíocht ar na meán shóisialta nó faoi conas daoine a mbíonn drochiompar ar líne acu a sheachaint. Is féidir leat gabháil scáileáin a thogáil den drochiompar seo mar fhianaise. Tuairiscigh é má fheiceann tú é!

Déan cinnte go bhfuil socruithe príobháideachais cuí i bhfeidhm agat. Ná déan dearmad gur féidir leat logáil amach, sos a thogáil agus am a chaitheamh i mbun rudaí eile nach mbaineann leis an idirlíon. Labhair le duine eile faoi, nó déan teagmháil le séirbhís tacaíochta má mhothaíonn tú go bhfuil cibearbhulaíocht á déanamh ort. Tá liosta acu ar fáil anseo.

3. Bí cinnte go bhfuil cosaint ar víris suas chun dáta agat

Ni féidir cosaint ar bhogearraí mailíseacha uilig a bheith agat agus tú ar líne ach tá bogearraí frithvíris ar fáil chun cosaint thábhachtach breise a thabhairt duit. Aithníonn ríomhchláir den mhúnla seo víris agus cuireann siad cosc ar víris chontúirteacha.

Molann muid ríomhchlár frithvíris a íoslódáil. Tá roinnt acu ar fáil go saor in aisce ach uaireannta bíonn gá ort íoc astu. Is féidir teacht ar liosta de na cinn is fearr ag an nasc seo.

4. Ná roinn an iomarca eolas pearsanta fút féin

Is mór agus is domhain an áit é an t-idirlíon. Cuireann nach mór gach éinne a bhíonn ag baint úsáid as an idirlíon a gcuid sonraí pearsanta ar fáil do shuíomhanna gréasáin éagsúla agus coimeádtar an t-eolas sin i dtaisce ar fhreastalaithe dá gcuid. Le 10 bliain anuas áfach tá na hardáin shóisialta tagtha chun cinn go mór mór agus moltar d’úsáideoirí na n-ardán sin eolas pearsanta a roinnt chomh minic agus is féidir.

Más maith leat a bheith níos sábháilte ar an idirlíon molann muid a bheith cúramach faoin méid eolais a roinneann tú go poiblí. Mar shampla má chuireann tú roinnt pictiúr suas ar Facebook agus tú ar do laethanta saoire, is léir nach bhfuil tú sa bhaile i do theach féin agus méidítear an baol go ndéanfaí gadaíocht ar do theach. Cuir do chuid cuntas ar na hardáin shóisialta ar phríodháideach, is tús maith é sin.

5.  Má tá tú ag siopadóireacht, bí cinnte go n-úsáideann tú suíomh gréasáin aitheanta

Tá réabhlóid tagtha ar chúrsaí siopadóireachta buíochas leis an idirlíon. Tugann sé rogha níos leithne agus níos ilghnéithí don siopadóir agus is féidir leis earraí a sheachadadh fud fad an domhain.

Ach é sin ráite is iomaí suíomh gréasáin a bhíonn ag iarraidh dallamullóg a chur ar a n-úsáideoirí ar mhaithe le gadaíocht sonraí a dhéanamh. Mar sin bí cúramach go gceannaíonn tú ó shiopaí atá aitheanta agus a bhfuil dea-chlú orthu. Má tá tú in amhras faoi chreidiúnacht siopa áirithe, b’fhiú é a sheachaint.

6. Ná bain úsáid as WiFi oscailte le do ghnó pearsanta a dhéanamh

Bíonn WiFi saor in aisce ar fáil i mbeagnach gach ionad poiblí sa lá atá inniu ann. Bíodh leabharlanna, dánlanna, spás comhoibre ná iompar poiblí i gceist. Cé gur iontach an áis dúinn é an WiFi saorúsáide seo caithfear i gcónaí a bheith airdeallach go bhfuil rochtain ag na mílte eile air chomh maith.

Ná bain úsáid as an WiFi poiblí seo le gnó pearsanta tábhachtach a dhéanamh, baincéireacht ar líne cuir i gcás. B’fhearr gnó den saghas sin a shábháil go dtí go mbeidh tú in áit nach bhfuil WiFi poiblí ar fáil ann. Ní fiú dul sa seans leis na sonraí sin!

7. Bí cúramach faoi na rudaí a íoslódálann tú

Bíonn contúirt ag baint le hiliomad rudaí ar an idirlíon agus is íoslódálacha ceann mór acu. Nuair a dhéantar íoslódáil ar aon rud ar an idirlíon tá seans ann go mbeidh rudaí breise leis nach soiléirítear roimh ré. I roinnt de na cásanna bíonn bogearraí mailíseacha faoi cheilt agus d’fhéadfadh siad drochthionchar a imirt ar do chuid ríomhaire nó fóin.

Ar nós an phointe thuas maidir le siopadóireacht ar líne, molann muid go láidir gan aon rud a íoslódáil nach ó shuíomh gréasáin aitheanta agus creidiúnach é. B’fhiú an chontúirt sin a sheachaint más féidir.

Ná déanaigí dearmad nach bhfuil aon scrioseochair ar an idirlíon.