Skip to main content
athru-treo-ar-intinn-marty-walsh-agus-suil-aige-ar-thoghchan-gobharnora-massachusetts

Athrú treo ar intinn Marty Walsh agus súil aige ar thoghchán Gobharnóra Massachusetts

Tá rúnaí Saothair Rialtas Mheiriceá, Marty Walsh, ar de bhunadh Ghaeltacht Chonamara é, ag cuimhneamh go láidir ar iarraidh a thabhairt faoi thoghchán an Ghobharnóra i Massachusetts i mí na Samhna seo chugainn.  

Ach tá go leor le cur sa gcomhaireamh sula ndéanfadh an Rúnaí Saothair an cinneadh sin. San am céanna, is dóigh go mbeadh air fógra a thabhairt as seo go ceann roinnt seachtainí, nó roimh thús an earraigh, má tá fonn air a bheith san iomaíocht.  

D’athraigh cúrsaí an toghcháin seo go mór le deireanaí nuair a d’fhógair an Gobharnóir atá ar Mhassachusetts faoi láthair, Charlie Baker (Poblachtánach) nach mbeadh sé san iomaíocht aríst. Ceapadh go gcoinneodh Baker an post dá mbeadh fonn air leanacht ar aghaidh. Fágann imeacht an Ghobharnóra Baker na Poblachtánaigh ar charraig i Massachusetts agus gan aon iarrthóir láidir réitithe acu. Ar an taobh eile den scéal, creideann na Daonlathaigh go bhfuil an-deis go deo acu anois ar an bpost polaitíochta agus riaracháin is cumhachtaí sa Stát. Ach leis an deis seo a chinntiú teastaíonn iarrthóir cumasach uathusan freisin agus is dá bharr sin uilig atá ainm Marty Walsh á chur sa gcomhaireamh.  

Tuigtear go mbeadh suim ag Walsh i bpost an Ghobharnóra ach tá iarrthóir láidir eile de chuid na nDaonlathach luaite freisin, sin í Maura Healey atá ina hArd-Aighne i Stát Massachusetts.  

Is cosúil nach mbeadh Marty Walsh ag bacadh le dhul san iomaíocht dá mbeadh fonn ar Healey a dhul ag fiach ar ainmniúchán na nDaonlathach. Fiú is go raibh ráflaí ag dul anonn agus anall sa gcomhrá polaitiúil i mBoston le cúpla lá go raibh Healey ag brath ar a dhul sa rás níl fógra oifigiúil ar bith tugtha aici.  

Tá ceangal láidir polaitíochta, agus cairdeas pearsanta, idir Healey agus Walsh. San am céanna, seo polaitíocht ar leibhéal an-ard agus caithfidh chaon nduine acu cuimhneamh go maith ar a bhfuil rompu. Chaithfí pé ar bith costas polaitíochta, pearsanta agus airgeadais a bheadh i gceist le feachtas a bheadh ag tosaí go gairid agus ag leanfadh ar aghaidh go Samhain seo chugainn, a chur sa gcomhaireamh.  

Cé go bhfuil eolas náisiúnta ar Marty Walsh, tá sé imithe as an bpolaitíocht áitiúil i Massachusetts le tamall. San am céanna, níl sé imithe chomh fada as agus nach gcaithfí conspóidí a bhain lena thréimhsí i bpost an Mhéara i mBoston ina bhéal.  

Marty Walsh. Pic: Seán Ó Mainnín

Níl Méara sa tír nach mbíonn deacrachtaí de chineál éigin aige. Bheadh ceapachán Denis White ina cheannaire póilíneachta i mBoston tamall gairid sular ceapadh Walsh ina Rúnaí Saothair ar cheann de na spallaí a d’fhéadfaí a scaoileadh í dtreo an iarmhéara. B’éigean dó White a chur ar fionraí go gairid théis an cheapacháin nuair a tarraingíodh anuas go raibh White sna cúirteanna roimhe seo de bharr cúiseanna foréigin bhaile. Ní raibh aon fhianaise ann go raibh an Méara Walsh ar an eolas faoi sin – shéan sé go láidir go raibh – ach chuir cuid dá chéilí comhraic sa bpolaitíocht milleán air ina dhiaidh sin féin.  

Ó thaobh Maura Healey de, ní raibh sí ag feidhmiú ag leibhéal sa bpolaitíocht a tharraingeodh aird mhór uirthi agus a chothódh conspóidí. Ach mar Ard-Aighne ar fud an Stáit, tá a hainm scaipthe anonn agus anall. Chomh maith leis sin, is é ré na mban é – in áiteacha air aon nós – sa bpolaitíocht. Bheadh Healy ar an gcéad bhean ina Gobharnóir dá n-éireodh léi. Bheadh mámh eile aice dá rachadh sí sa tóir ar phost an Ghobharnóna – is cosúil go mbeadh tacaíocht Mharty Walsh aice. Dá réir sin uilig, féadfaidh muid glacadh leis go bhfuil cainteanna agus comhrá polaitiúil ar bun, ar an gcúlráid, faoi láthair.  

Ach, ní féidir a bheith cinnte go bhfuil na Poblachtánaigh caillteach in Massachusetts fós, ach an oiread. Sa gcás agus go dtiocfadh iarrthóir aitheanta láidir isteach as Stát éigin eile – mar a rinne Mitt Romney 20 bliain ó shin nuair a tháinig sé isteach as Utah – d’fhéadfadh an scéal athrú. Cé gur Daonlathaigh formhór na ndaoine a chláraíonn go hoifigiúil i Massachusetts, is díol suntais i gcónaí é go n-éiríonn minic go maith le Poblachtánach post an Ghobharnóna a bhuachan. Thug an tráchtaire polaitíochta as Massachusetts, Larry Donnelly, míniú cuimsitheach air seo ag comhdháil faoi stádas mhuintir Chonamara i bpolaitíocht Mheiriceá, a eagraíodh in Ionad na nImirceach agus Diaspóra i gCarna le gairid. Gobharnóirí nach bhfuil ag luí isteach go daingean leis na Poblachtánaigh iad siúd a fhaigheann an chumhacht in Massachusetts. San am céanna, bíonn a ndearcadh ar an eacnamaíocht agus ar chúrsaí airgid sách coimeádach: sin rud a chuireann go leor daoine sa Stát liobrálach seo ar a suaimhneas.  

Caithfear cuimhneamh nach ionann go leor den Stát agus Boston féin, an phríomhchathair. Bheadh go leor den phobal san aicme is láidre airgeadais i mbailte ar fud Massachusetts. Bheadh buntáiste ansin ag Healey nó ag Walsh. Aithnítear iad beirt mar Dhaonlathaigh ar an seanmhúnla. Go deimhin, bheadh an buntáiste ag Marty Walsh gur féidir leis feachtas an-láidir a eagrú ó shráid go sráid agus ó dhoras go doras de bharr a cheangal leis na ceardchumainn. Agus b’in tús maith.  

Ach sula dtroidfear amach toghchán an Ghobharnóra, beidh réamhthoghcháin i measc na nDaonlathach féin agus inseoidh na torthaí sin go leor den scéal.  

Agus roimhe sin, beidh ar Marty Walsh socrú a dhéanamh an mbeidh sé páirteach sa gcoimhlint sin i measc na nDaonlathach más leis a dhul céim eile.  

Post cumhachtach i Stát ar bith é stádas an Ghobharnóra. Fiú agus go bhfuil stádas an-ard bainte amach ag Marty Walsh in Washington, d’fheicfeadh sé go mbeadh an duais mhór i Massachusetts chomh tábhachtach céanna.  

Níos mó